Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhág sé an scoil ag 14 bliana d’aois, ansin chuaigh sé ar fhostú sa chomharsanacht. D’imigh sé go hAlbain nuair a bhí se 18 mbliana d’aois ag toghadh phreátaí. Théadh siad anonn ar bhád Dhoire, bhí an bád garbh. Na coinníollacha a bhí acu, ina luí i mbóithigh an eallaigh a bhíodh siad. Bhíodh leoraí i nGlaschú le iad a thabhairt go Ayrshire. Cur síos ar an am sin. Chaitheadh siad a bheith ina suí luath ar maidin ar an 5 a chlog.
Bhí aithne aige ar ghirseach a chaill cúpla deartháir sa tragóid a tharla in Kirkintilloch nuair a thosaigh tine a mharaigh 10 nduine. An dóigh a tharla seo.
An pá a bhí acu agus na huaireanta a chaitheadh siad a dhéanamh, bhí sornóga (stoves) acu lena gcuid a dhéanamh. Bhí an obair crua. | 00:07:51 | |
Bhog sé go feirm eile ansin, ag feirmeoireacht, obair le biatas (beet), ni riabh mórán pá ann ach oiread. Ag tascóireacht (piecework) a bhí sé ansin. Ag fanacht i mbotaí a bhí siad, bhí luchóga móra ann fosta.
Chaith sé seal ansin ag obair sna mianaigh guail i Fife, cur síos ar sin. Tháinig sé na bhaile sa deireadh lena athair nuair a bhí sé ag teacht na bhaile. | 00:03:38 | |
D’imigh sé amach go Meiriceá ag a uncail. Go Nua Eabhrac a chuaigh sé. Chuaigh a uncail go Meiriceá le linn an Spealadh Mór agus ní raibh sé ábalta obair a fháil, d’fhan sé ag comharsa dena chuid a bhí ansin ar feadh bliana gan a dhath. Bhí am olc ann an t-am sin. Ach nuair a chuaigh Dónalll é féin amach, d’fhan sé ag a uncail. Bhí cumhaidh air amuigh ansin. Bhí sé ag obair in otharlann agus casadh a bhean air ansin. | 00:03:42 | |
Nuair a d’imigh Dónalll, d’imigh léir daoine as an áit, léir acu go Philadelphia ach chaithfeadh duine a bhí amuigh ansin agat. Níor chaill sé an Ghaeilge choíche. Bhí am maith aige, idir obair agus caitheamh aimsire, damhsaí agus peil. | 00:03:03 | |